+353-87-2931463
MANAGER@AMERGINPOETRY.COM

Bríd Ní Mhóráin - Filíocht Ghaeilge

Brid Ni Mhorain 4B

Óna taithí ar bheith ag plé le óige Chorca Dhuibhne i mbun scríobh na filíochta agus ó bheith ag saothrú i ngort na hÉigse le breis is 30 bliain, tuigeann sí go maith an sásamh thar na bearta a bhaineann le scaoileadh amach ‘an bhobailín,’ i. an fhéith chruthaitheach a chuireann í féin in iúl i mórán Éireann slite, bíodh san in imeartas cliste focal, i dtochailt go doimhin sa tsíce nó i haiku gonta a bheireann ar aoibhneas mealltach Uíbh Ráthaigh i gcroílár an tsamhraidh.
Triallfar séanraí difriúla féachaint cé acu ceann is fearr a oireann duitse; beidh béim ar leith ar áilleacht na timpeallachta nádúrtha agus an spreagadh a chuireann sí ar fail dúinn. Níl le déanamh ach do pheann nó do luichín a bhreith leat go dtí Éigse na Gréine agus mura mbuafar, suafar!

Beidh an ceardlann ar siúil ó 9.15 – 11.15, ó Aoine 21ú go Domhnach 23ú Meitheamh

Ionad le cinntiú.

Seacht gcnuasach filíochta atá foilsithe ag Bríd Ní Mhóráin: Ceiliúradh Cré(Coiscéim) 1992, Fé Bhrat Bhríde(An Sagart) 2002, Síolta an Iomais(Cló Iar-Chonnacht) 2006, An Cosán Bán/The White Path(Oidhreacht Chorca Dhuibhne) 2008, Pietas(An Sagart) 2010, Glórtha ón gCillín/Voices from the Cillín(Oidhreacht Chorca Dhuibhne) 2015,Saothrú an Ghairdín( An Sagart) 2015, I gCochall mo Chroí(ComharLeabhar) 2017, agus saothar próis, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá(An Sagart) 1996. Moladh I gCochall mo Chroímar cheann de leabhair na bliana 2018 ( Tuairisc.ie).
Bhí sí fostaithe mar fhile cónaitheach ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta,2003 - 2018. Bhuaigh sí go leor duaiseanna agus sparánachtaí.